Mic Léinn Cathal Brugha i gceannas ar Ghlantachán Lá na Cruinne

Ghlac mic léinn agus baill foirne ó chúrsa Staidéar Comhshaoil agus Bithéagsúlachta Choláiste Chathail Brugha páirt i nGlantachán Náisiúnta an Earraigh ar an 25 Aibreán tar éis scrúdú deiridh na bliana. Phioc siad bruscar i ngairdín an choláiste ar Bhóthar na Trá Thuaidh agus in aice láimhe ar Ghlasbhealach na Canálach Ríoga. D’eisigh An Taisce teastas mar aitheantas ar a gcuid iarrachtaí atá le feiceáil anseo…