Taithí an Chustaiméara
Eolas Cúrsa
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa tuiscint a thabhairt don fhoghlaimeoir ar luach an disciplín seirbhíse custaiméara chomh maith le heolas agus scileanna chun seirbhís éifeachtach a sholáthar do chustaiméirí laistigh de thimpeallacht oibre, sóisialta nó deonach, ag feidhmiú go neamhspleách nó mar chuid d’fhoireann.
Clúdóidh an cúrsa seo na hábhair seo a leanas:
ról na seirbhíse do chustaiméirí in éifeachtacht eagraíochtúil
ról agus freagrachtaí ionadaí eagraíochta agus oibriú go héifeachtach mar chuid d’fhoireann
an raon scileanna briathartha agus neamhbhriathartha chun freastal ar riachtanais chustaiméirí, chun déileáil le gearáin ó chustaiméirí agus chun cúram custaiméirí maith a sholáthar
feasacht ar reachtaíocht um chosaint tomhaltóirí, meas a bheith agat ar chearta gach custaiméara beag beann ar inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine
Príomhfhaisnéis
Comhpháirt QQI Leibhéal 5 Teastas i Seirbhís do Chustaiméirí (5N0972)
Fad: 10 seachtaine
Seachadadh: Foghlaim chumaisc 2 uair sa tseachtain
Deireadh Fómhair 2024 – Nollaig 2024
Nóta: Braitheann tosú gach cúrsa ar líon dóthanach mac léinn a chlárú.